Sixth Class Resources 2021 - 2022

Sixth Class 2021-2022

An Gabhar sa Scoil 
Seán Mac Fheorais 

Isteach sa scoil shiúil sean-ghabhar
Is shuigh sé síos ar stól,
Thóg sé fód as lár na tine
Is d’ith sé é mar lón.

D’ól sé dúch as buidéal,
Is thaitin sé leis, ar ndóigh.
Chuir sé píopa cré ina bhéal,
Is chaith sé é go beo.

As a phóca thóg sé leabhairín grinn,
Is thosaigh sé ag léamh;
Dhein sé rince dúinn ansin,
Is a mheigeall thuas san aer.

Ag dul amach an doras dó
Chaoch sé súil amháin:
‘Is iontach an áit an scoil,’ ar sé,
‘Ach b’fhearr liom bheith i bpáirc.’

An t-Earrach
Tomas P. Mac Anna

Léimeann na huain le háthas
Ar na páirceanna cois trá,
Léimeann mo chroí le gliondar
Go bhfuil sé ina lá.

Tagann an ghaoth ón muir
Is í ag siosarnach dom
Faoi thíortha i bhfad i gcéin,
A mbánta is a sléibhte lom’.

Tá suan an gheimhridh thart;
Nach aoibhinn dúinn a bheith beo?
An t-earrach linn,
An samhradh romhainn,
Is an ghile a gabhann leo.

An Geimhreadh

Tá an geimhreadh ann, an geimhreadh,
An geimhreadh brónach garbh;
Tá na héin i bhfad thar sáile,
Is na duillí glasa marbh.

Tá an fuacht ann, an fuacht,
An fuacht nimhneach géar;
Is d’anál go geal le feiceáil
Ag gluaiseacht tríd an aer.

Tá an oíche ann, an oíche,
An oíche fhada fhuar;
Ní bhíonn againn de shúgradh
Ach uair nó dhó, monuar!

Beidh an Nollaig ann, an Nollaig,
An Nollaig aoibhinn ó;
Is beidh ceol againn is aoibhneas
Is spórt, is scléip, is gleo.

Tá an geimhreadh ann, an geimhreadh,
An geimhreadh duairc-cheo;
‘Gus is fada uainn an samhradh
Is na laetha geala teo. 

Mise Raifteirí le Antoine Ó Raifteirí

Mise Raifteirí, an file,
Lán dóchas is grá
Le súile gan solas
Le ciúnas gan crá,
‘Dul siar ar m’aistear
Le solas mo chroí,
Fann agus tuirseach,
Go deireadh mo shlí;
Féach anois mé,
Is mo chúl le balla
Ag seinm ceoil
Do phócaí folamh.

 An Fear Bréige le Éamonn Ó Tuathail

Ó, féach an fear bréige
‘na sheasamh sa ghort.
A shean-hata pollta
A chóta beo bocht.
A dhá láimh ar leathadh
Gan ordóg ná méar
A bhríste gan chosa
Ag síneadh go féar

Mo thrua an fear bréige
Ag casadh le gaoth.
Le súile gan solas
In aghaidh atá baoth.
Amuigh ina aonar
Ag faire na n-éan
Go luíonn an ghrian 
Ag deireadh an lae.
Share by: