Sixth Class Resources 2021 - 2022

Sixth Class Resources 2021-2022

An Geimhreadh

Tá an geimhreadh ann, an geimhreadh,
An geimhreadh brónach garbh;
Tá na héin i bhfad thar sáile,
Is na duillí glasa marbh.

Tá an fuacht ann, an fuacht,
An fuacht nimhneach géar;
Is d’anál go geal le feiceáil
Ag gluaiseacht tríd an aer.

. Tá an oíche ann, an oíche,
An oíche fhada fhuar;
Ní bhíonn againn de shúgradh
Ach uair nó dhó, monuar!

Beidh an Nollaig ann, an Nollaig,
An Nollaig aoibhinn ó;
Is beidh ceol againn is aoibhneas
Is spórt, is scléip, is gleo.

Tá an geimhreadh ann, an geimhreadh,
An geimhreadh duairc-cheo;
‘Gus is fada uainn an samhradh
Is na laetha geala teo. 

Mise Raifteirí le Antoine Ó Raifteirí

Mise Raifteirí, an file,
Lán dóchas is grá
Le súile gan solas
Le ciúnas gan crá,
‘Dul siar ar m’aistear
Le solas mo chroí,
Fann agus tuirseach,
Go deireadh mo shlí;
Féach anois mé,
Is mo chúl le balla
Ag seinm ceoil
Do phócaí folamh.

 An Fear Bréige le Éamonn Ó Tuathail

Ó, féach an fear bréige
‘na sheasamh sa ghort.
A shean-hata pollta
A chóta beo bocht.
A dhá láimh ar leathadh
Gan ordóg ná méar
A bhríste gan chosa
Ag síneadh go féar

Mo thrua an fear bréige
Ag casadh le gaoth.
Le súile gan solas
In aghaidh atá baoth.
Amuigh ina aonar
Ag faire na n-éan
Go luíonn an ghrian 
Ag deireadh an lae.

 Duilleoga ar an Life le Séamus Ó Néill

Duilleoga ar snámh, 
Donn, geal is rua,
Ar abhainn na Life 
Ag seoladh le sruth.

Spréigh siad brat glas
Ar bharra na gcrann,
Ar fud cuibhreann is coillte 
i bhfad, i bhfad ó shin ann.

Duilleoga ar snámh, 
Lá ceoch fómhair
Ag iompar na háilleachta
Trí shráideanna dobhair.

Share by: